Gaeilge | English
Playography Gaeilge
Cúlra an togra
Déanfaidh Irish Theatre Institute taighde agus cuirfidh ar fáil ar-líne stór na ndrámaí Gaeilge, ó 1904 go dtí an inniu, i gcomhpháirt lenár gcomhghleacaithe ar an togra seo, Foras na Gaeilge, beart a bheidh curtha i gcrích roimh dheireadh na bliana 2007.
Is catalóg chuimsitheach inchuardaithe ar-líne í Irish Playography ina bhfuil gach dráma nua a léiríodh go profisiúnta in Éirinn, thuaidh agus theas, ó 1904 i leith. Faoi láthair tá breis is 2200 dráma ann, agus achoimre ar gach ceann, liosta den chliar agus den fhoireann stáitse, maille le sonraí faoi ionaid agus dátaí na gcéadléirithe. Is thar tréimhse chúig bliana atá an togra seo á fhorbairt ag Irish Theatre Institute agus láinseáil siad an chéim dheiridh 1904-2006, in Iúil 2006. Faoi láthair is drámaí Éireannacha Béarla atá san Irish Playography. Bhí sé i gcónaí mar aidhm lárnach sa togra go gcuirfí san áireamh drámaí, athchóirithe agus aistriúcháin a scríobhadh agus a léiríodh trí Ghaeilge. Agus an stór Béarla críochnaithe anois, is féidir le Irish Theatre Institute tabhairt faoin gcéim nua taighde seo, a bhuíochas dár bpáirtí sa togra seo, Foras na Gaeilge.
Ní hamháin go ndéanann Playography Gaeilge sainmhíniú ar stór na ndrámaí Gaeilge den chéad uair riamh, ach tá sé i gceist an stór sin a athbheochan trí roinnt scripteanna caillte a chur ar fáil arís agus modh a sholáthar chun scripteanna atá ar fáil cheana féin a aimsiú agus na cearta a dheimhniú. Mar go dtugann Playography deis do scríbhneoirí leagnacha íoslódáilte dá gcuid drámaí a chur sa bhunachar sonraí, feidhmeoidh sé freisin mar chartlann scripteanna ar-líne de réir mar a leanann muid leis an obair.
Tá an Irish Playography Project á fhorbairt agus á chur i bhfeidhm ag Irish Theatre Institute (Theatre Shop, mar a bhí). Tá Irish Theatre Institute ann chun uasmhéadú a dhéanamh ar dheiseanna cruthaíochta agus ar acmhainní d'ealaíontóirí gníomhaíochta agus léiritheoirí i gcomhthéacs uile-Éireannach agus idirnáisiúnta.
Cuireann Irish Theatre Institute fáilte roimh iarratais do phost mar Eagarthóir Gaeilge Playography. Is catalóg chuimsitheach inchuardaithe ar-líne í www.irishplayography.com ina bhfuil gach dráma nua Béarla a léiríodh go profisiúnta in Éirinn, thuaidh agus theas, idir 1904 agus 2006. I gcomhpháirt lenár gcomhghleacaithe sa togra seo, Foras na Gaeilge, tá Irish Theatre Institute ag tabhairt faoi chéim nua taighde a thabharfaidh aitheantas don tábhacht agus don chomhlántacht a bhaineann le stór na ndrámaí Gaeilge.
Teideal an Phoist
Eagarthóir Gaeilge Playography.
Próifíl an Phoist
Freagrach as an taighde chuí a stiúiriú chun stór na ndrámaí Gaeilge ó 1904 go dtí an lá inniu a chur ar fáil ar-líne. Beidh an t-eagarthóir Gaeilge ag obair le Irish Theatre Institute, le Painéal Comhairleach agus le foireann theicniciúil agus thaighde chun an togra ar-líne tábhachtach cultúrtha seo a shainmhíniú agus a chur i gcrích.
Cáilíochtaí:
- Líofacht Gaeilge, idir scríofa agus
labhartha, agus díograis dá réir;
- Suim agus eolas ar dhrámaíocht
nua-aimseartha Gaeilge;
- Scileanna maithe i mbainistíocht
tograí agus san idirphearsantacht;
- Suim agus eolas ar chúrsaí taighde idirlíne.
Saghas Poist: Conradh/Togra
Téarma an Phoist: Réamhchonradh bliana ar an íosmhéid, páirtaimseartha
Beidh an turastal ag brath ar cháilíochtaí agus taithí.
Déan iarratas i scríbhinn go Playography Gaeilge, Irish Theatre Institute, 7 Sráid Seoirse Theas, Baile Átha Cliath 2 roimh an Aoine, 6 Deireadh Fómhair 2006
Beidh na hAGALLAIMH ar siúl ó thús na seachtaine 16 Deireadh Fómhair 2006
Sonraí an Phoist:
Beidh an té a fhostófar ag obair go
dlúth le bainistíocht Irish Theatre Institute, leis an
stiúrthóir taighde, le painéal comhairleach, le taighdeoir(í) agus aistritheoirí chun na tascanna seo a leanas a chur i gcrích:
- Sainmhíniú a fháil ar stór na
ndrámaí Gaeilge
- Na paraiméadair cuimsithe a leagan
amach
- Scálaí ama, dátaí seachadta,
céimeanna na taighde a shocrú
- Comhréir agus comhoiriúnacht leis
an mbunachar sonraí Playography atá ann cheana a chinntiú
- Comhordnú cruinnithe den Painéal
Comhairleach Gaeilge agus na cinnidh eagarthóireachta a
rinneadh sna cruinnithe seo a chur i gcrích
- Na taighdeoirí a bhainistiú agus a
sceidealú
- Eagarthóireacht a dhéanamh ar an
ábhar Gaeilge a chuirfidh na taighdeoirí sa bhunachar sonraí
agus cinntiú go bhfuil an t-eolas cuimsitheach agus cruinn
sula bhfoilseofar ar-líne é
- Cur síos gearr a sholáthar ar na
príomhchompántais agus na príomhionaid
- Scríobh/aistriú go Gaeilge
tuarascáil ar an togra agus eolas eile ar leathanaigh html
an Irishtheatreinstitute.ie
- An togra agus stór na ndrámaí
Gaeilge a phlé leis na meáin chumrsáide roimh an seoladh,
agus mar chuid den seoladh féin
- Dul i dteagmháil leis na
príomhdhrámadóirí Gaeilge chun an togra a phlé agus deis a
thabhairt dóibh a gcuid scripteanna a chur ar fáil mar
chomhaid PDF íoslódáilte
- An togra a phlé le lucht na gcearta
agus gníomhairí agus foirmeacha cosaint sonraí a eisiúint i
gcás eolas faoi theagmháil phearsanta a bheith foilsithe
ar-líne
- Freagraí a thabhairt ar fhiosraithe
e-phoist/fóin maidir leis an togra agus leis an stór Gaeilge
ar feadh thréimhse an chonartha
- Tuarascáil agus measúnú ar an dul
chun cinn a dhéanamh le bainistíocht Irish Theatre Institute
- Bainistiú a dhéanamh ar bhuiséad aontaithe.
Tá Irish Theatre
Institute maoinithe ag An Chomhairle Ealaíon. Tá an togra
playography Gaeilge maoinithe ag Foras na Gaeilge.

 |