Gaeilge | English

Playography Gaeilge

Cúlra an togra

Déanfaidh Irish Theatre Institute taighde agus cuirfidh ar fáil ar-líne stór na ndrámaí Gaeilge, ó 1904 go dtí an inniu, i gcomhpháirt lenár gcomhghleacaithe ar an togra seo, Foras na Gaeilge, beart a bheidh curtha i gcrích roimh dheireadh na bliana 2007.

Is catalóg chuimsitheach inchuardaithe ar-líne í Irish Playography ina bhfuil gach dráma nua a léiríodh go profisiúnta in Éirinn, thuaidh agus theas, ó 1904 i leith. Faoi láthair tá breis is 2200 dráma ann, agus achoimre ar gach ceann, liosta den chliar agus den fhoireann stáitse, maille le sonraí faoi ionaid agus dátaí na gcéadléirithe. Is thar tréimhse chúig bliana atá an togra seo á fhorbairt ag Irish Theatre Institute agus láinseáil siad an chéim dheiridh 1904-2006, in Iúil 2006. Faoi láthair is drámaí Éireannacha Béarla atá san Irish Playography. Bhí sé i gcónaí mar aidhm lárnach sa togra go gcuirfí san áireamh drámaí, athchóirithe agus aistriúcháin a scríobhadh agus a léiríodh trí Ghaeilge. Agus an stór Béarla críochnaithe anois, is féidir le Irish Theatre Institute tabhairt faoin gcéim nua taighde seo, a bhuíochas dár bpáirtí sa togra seo, Foras na Gaeilge.

Ní hamháin go ndéanann Playography Gaeilge sainmhíniú ar stór na ndrámaí Gaeilge den chéad uair riamh, ach tá sé i gceist an stór sin a athbheochan trí roinnt scripteanna caillte a chur ar fáil arís agus modh a sholáthar chun scripteanna atá ar fáil cheana féin a aimsiú agus na cearta a dheimhniú. Mar go dtugann Playography deis do scríbhneoirí leagnacha íoslódáilte dá gcuid drámaí a chur sa bhunachar sonraí, feidhmeoidh sé freisin mar chartlann scripteanna ar-líne de réir mar a leanann muid leis an obair.

Tá an Irish Playography Project á fhorbairt agus á chur i bhfeidhm ag Irish Theatre Institute (Theatre Shop, mar a bhí). Tá Irish Theatre Institute ann chun uasmhéadú a dhéanamh ar dheiseanna cruthaíochta agus ar acmhainní d'ealaíontóirí gníomhaíochta agus léiritheoirí i gcomhthéacs uile-Éireannach agus idirnáisiúnta.


Cuireann Irish Theatre Institute fáilte roimh iarratais do phost mar Eagarthóir Gaeilge Playography. Is catalóg chuimsitheach inchuardaithe ar-líne í www.irishplayography.com ina bhfuil gach dráma nua Béarla a léiríodh go profisiúnta in Éirinn, thuaidh agus theas, idir 1904 agus 2006. I gcomhpháirt lenár gcomhghleacaithe sa togra seo, Foras na Gaeilge, tá Irish Theatre Institute ag tabhairt faoi chéim nua taighde a thabharfaidh aitheantas don tábhacht agus don chomhlántacht a bhaineann le stór na ndrámaí Gaeilge.

Teideal an Phoist
Eagarthóir Gaeilge Playography.

Próifíl an Phoist
Freagrach as an taighde chuí a stiúiriú chun stór na ndrámaí Gaeilge ó 1904 go dtí an lá inniu a chur ar fáil ar-líne. Beidh an t-eagarthóir Gaeilge ag obair le Irish Theatre Institute, le Painéal Comhairleach agus le foireann theicniciúil agus thaighde chun an togra ar-líne tábhachtach cultúrtha seo a shainmhíniú agus a chur i gcrích.

Cáilíochtaí:

  • Líofacht Gaeilge, idir scríofa agus labhartha, agus díograis dá réir;
  • Suim agus eolas ar dhrámaíocht nua-aimseartha Gaeilge;
  • Scileanna maithe i mbainistíocht tograí agus san idirphearsantacht;
  • Suim agus eolas ar chúrsaí taighde idirlíne.

Saghas Poist: Conradh/Togra
Téarma an Phoist: Réamhchonradh bliana ar an íosmhéid, páirtaimseartha

Beidh an turastal ag brath ar cháilíochtaí agus taithí.

Déan iarratas i scríbhinn go Playography Gaeilge, Irish Theatre Institute, 7 Sráid Seoirse Theas, Baile Átha Cliath 2 roimh an Aoine, 6 Deireadh Fómhair 2006

Beidh na hAGALLAIMH ar siúl ó thús na seachtaine 16 Deireadh Fómhair 2006

Sonraí an Phoist:

Beidh an té a fhostófar ag obair go dlúth le bainistíocht Irish Theatre Institute, leis an stiúrthóir taighde, le painéal comhairleach, le taighdeoir(í) agus aistritheoirí chun na tascanna seo a leanas a chur i gcrích:

  • Sainmhíniú a fháil ar stór na ndrámaí Gaeilge
  • Na paraiméadair cuimsithe a leagan amach
  • Scálaí ama, dátaí seachadta, céimeanna na taighde a shocrú
  • Comhréir agus comhoiriúnacht leis an mbunachar sonraí Playography atá ann cheana a chinntiú
  • Comhordnú cruinnithe den Painéal Comhairleach Gaeilge agus na cinnidh eagarthóireachta a rinneadh sna cruinnithe seo a chur i gcrích
  • Na taighdeoirí a bhainistiú agus a sceidealú
  • Eagarthóireacht a dhéanamh ar an ábhar Gaeilge a chuirfidh na taighdeoirí sa bhunachar sonraí agus cinntiú go bhfuil an t-eolas cuimsitheach agus cruinn sula bhfoilseofar ar-líne é
  • Cur síos gearr a sholáthar ar na príomhchompántais agus na príomhionaid
  • Scríobh/aistriú go Gaeilge tuarascáil ar an togra agus eolas eile ar leathanaigh html an Irishtheatreinstitute.ie
  • An togra agus stór na ndrámaí Gaeilge a phlé leis na meáin chumrsáide roimh an seoladh, agus mar chuid den seoladh féin
  • Dul i dteagmháil leis na príomhdhrámadóirí Gaeilge chun an togra a phlé agus deis a thabhairt dóibh a gcuid scripteanna a chur ar fáil mar chomhaid PDF íoslódáilte
  • An togra a phlé le lucht na gcearta agus gníomhairí agus foirmeacha cosaint sonraí a eisiúint i gcás eolas faoi theagmháil phearsanta a bheith foilsithe ar-líne
  • Freagraí a thabhairt ar fhiosraithe e-phoist/fóin maidir leis an togra agus leis an stór Gaeilge ar feadh thréimhse an chonartha
  • Tuarascáil agus measúnú ar an dul chun cinn a dhéanamh le bainistíocht Irish Theatre Institute
  • Bainistiú a dhéanamh ar bhuiséad aontaithe.

Tá Irish Theatre Institute maoinithe ag An Chomhairle Ealaíon. Tá an togra playography Gaeilge maoinithe ag Foras na Gaeilge.

Foras Na Gaeilge logo